Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl againn i Scoil Pharóiste Naomh Maitiú le déanaí! Bhí a lán gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na scoile. Seo daoibh cúpla cinn de.
Rinne na ranganna sinsearacha céilí le chéile. D’fhoghlaim na páistí Ballaí Luimnigh agus Ionsaí na hInse. Bhí Tráth na gCeist ag Rang 3-6 freisin. Bhí toraíocht taisce ag na páistí níos óga. Bhí a lán spraoi againn a bheith ag damhsa, ag freagairt ceisteanna agus ag lorg seamróga!
Rinneamar iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir linn. Bhuaigh daoine Gaeilgeoir an Lae gach lá agus fuair siad duais beag.

Bhí Lá Glas againn ar an Aoine. Chaith gach duine éadaí glasa. Bhí tionól againn. Chan gach rang amhrán nó dúirt siad dán. Bhuaigh duine amháin i ngach rang Gaeilgeoir na Seachtaine! Chan Rang a Sé Amhrán na gCupán. Rinneamar a lán cleachtadh chun a bheith ábalta canadh agus na gníomhachtaí a dhéanamh le chéile!
Rinne Rang a Sé Siopa Milseán ar an Máirt. Thóg gach duine euro amháin nó dhá euro isteach. Rinne Rang a Sé liosta praghasanna agus chuir siad lipéid ar na milseáin. Dhíol Rang a Sé na milseáin agus d’úsáid gach duine a gcuid Gaeilge chun na milseáin a cheannach. Chabhraigh Rang a Sé leis na páistí, thóg siad an t-airgead agus thug siad sóinseáil. Bhí an-spórt againn! Seo pictiúir den Siopa Milseán:





















Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir!
